Iar-pheileadóir Ghaelach agus iarimreoir sacair Eíreannach is ea Caoimhín Bearnard Ó Moráin (Béarla: Kevin Bernard Moran) rugadh é ar an 29 Aibreán, 1956 i mBaile Átha Cliath).
Tógadh i Rialto é, sular bhog sé a theaghlach ar aghaidh go dtí Bóthar an Mhíle Fhada in iarthar Bhaile Bhailcín.
Peil Ghaelach
D'imir Moran peil Ghaelach ar dtús, agus bhuaigh sé cluiche ceannais na hÉireann le Baile Átha Cliath i 1976 agus 1977. Bronnadh gradam Sárimreoirí na Bliana ar Moran i 1976 agus bhain sé an tSraith Peile Náisiúnta le Baile Átha Cliath sa tséasúr 1976/77.
Sacar
Bhí rath ag Moran ina thacaí san fhoireann Manchester United F.C. i Sasana, agus d'imir sé a chéad chluiche i gcoinne Southampton F.C. ar 20 Aibreán, 1979. Ba é Moran an chéad imreoir a fuair cárta dearg i gcluiche ceannais an Choirn F.A. sa bhliain 1985 i gcoinne Everton F.C.. Tar éis United, chaith Moran dhá bhliain ag imirt le Sporting Gijon agus Blackburn Rovers F.C..
Bhí Moran páirteach i bhfoireann sacair náisiúnta Phoblacht na hÉireann, agus ghlac sé páirt sna Coirn Dhomhanda i 1990 agus 1994.
Féach freisin
Tagairtí
Naisc sheachtracha