Ba as an Aird Thiar, cúpla míle siar ó shráidbhaileCharna féin, do Josie Sheáin Jeaic.[5] Duine de cheathrar mac a bhí ag Máire Chathail (Ní Uaithnín) (1908–1985), a mháthair, agus Seán Jeaic Mac Donncha (1904–1986), a athair. Is óna athair Seán Jeaic a fuair sé a chuid amhrán i dtosach.[6] Tháinig Alan Lomax chuige in 1951 le hamhráin a fháil uaidh agus is léir gur thuig sé go raibh cáilíocht speisialta ag baint le léiriú an dúchais san áit de bharr na teagmhála sin.[7]
Iascaire ab ea Josie. Bádh a dheartháir, Johnny Sheáin Jeaic, ar Chuan na Gaillimhe sa bhliain 2009. Tháinig Josie slán as an tubaiste sin inar bádh a dheartháir.[8]
Amhránaíocht
Bhuaigh Josie Sheáin Jeaic Corn Uí Riada, príomhghradam an tsean-nóis trí bhabhta – i 1971, 1978 agus 1982.
Ceapadh ina amhránaí cónaithe é in Ionad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2003-2004. Bhronn an Ollscoil chéanna máistreacht oinigh air sa bhliain 2012.
Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life ar Josie Sheáin Jeaic ag ócáid i gClub na Múinteoirí ar an 1 Aibreán. Ach bhí an tinneas a thug a bhás ag treisiú taca an ama sin.[6]
Féach freisin
Josie Sheáin Jeaic - Ó na Sceirdí Aniar (Gael Linn, 1987).[9]