Garraíodóir is ailtire a rugadh gar do Woburn Shasana ab ea an Ridire Joseph Paxton (3 Lúnasa1803 – 8 Meitheamh1865). Dhear sé an foirgneamh don Taispeántas Mór i 1851 ar tugadh an Pálás Criostail air. Aistríodh an foirgneamh go Sydenham tar éis an Taispeántais, ach scrios dóiteán é i 1936. Shaothraigh Paxton banana Cavendish freisin, an cineál banana is mó díol i dtíortha an Iarthair anois.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.