Is amhránaí agus craoltóir Éireannach as Leitir Mealláin é John Beag Ó Flatharta. Thosaigh sé ag canadh ag deireadh na 1970idí. Ó 1980 i leith, lena bhanna Na hAncairí, d’fhorbair sé meascán de cheol tíre agus amhránaíocht sean-nóis.
Tar éis dó Ann Hargraves a phósadh, chuaigh siad ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe, ach fuair sí bás óg, rud a d'fhág John Beag ina aonar le mac óg, Liam. D’fhill John Beag agus Liam ar Éirinn in 2007. Fuair John Beag post ag obair le Raidió na Gaeltachta, agus lean sé ar aghaidh ag cur amach taifeadtaí nua.
Amhráin
Pléann a chuid amhrán le téamaí éagsúla atá tábhachtach do phobal Chonamara: deoraíocht, coimhthíos agus grá, agus an fharraige. Sheinn John Chóil an Bhreathnaigh ón Trá Bháin bosca ceoil ar a chéad cheirnín ‘Faoi Lán tSeoil’, ach d’úsáid John Beag meascán de cheoltóirí ar an gcuid eile dá cheirníní.
Is iad na hamhráin is mó a bhfuil éileamh orthu ná ‘Amhrán Chuigéil’ (faoi rásaíocht húicéirí na Gaillimhe, ar an gceirnín Faoi Lán tSeoil), ‘The Nazarene Song’ scríofa ag Eddie Ó Conghaile faoin drochaimsir ar an bhfarraige, agus ‘Amhrán Mhaínis’ (amhrán caointe traidisiúnta).
Aitheantas
Sa bhliain 2022, bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta ar John Beag, mar chomhartha ómóis agus aitheantais as a shaothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.[1]