Jennifer Aniston |
|
Breith | (en) Jennifer Joanna Aniston 11 Feabhra 1969 55 bliana d'aois Sherman Oaks, California |
---|
|
|
|
|
|
|
Grúpa eitneach | Greek Americans (en) , Meiriceánaigh Iodálacha, Albanian Americans (en) , Gael-Mheiriceánaigh, Meiriceánaigh Shasanacha, Scottish Americans (en) agus Arbëreshë (en) |
---|
Scoil a d'fhreastail sé/sí | LaGuardia Community College (en) (1987–) Ardscoil Fiorello H. LaGuardia |
---|
Áit chónaithe | Bel Air Los Angeles |
---|
Teanga dhúchais | Béarla Meiriceánach agus Béarla |
---|
|
Gairm | aisteoir teilifíse, fiontraí, léiritheoir feidhmiúcháin, duine den lucht gnó, aisteoir stáitse, léiritheoir scannáin, aisteoir gutha, aisteoir scannáin, stiúrthóir scannán |
---|
Tréimhse oibre | 1987 – |
---|
Ball de pháirtí polaitíochta | an Páirtí Daonlathach |
---|
Ball de | |
---|
Teangacha | Béarla |
---|
Glanfhiúchas | 200 M$ (Bealtaine 2017) |
---|
|
Céile | Brad Pitt (2000–2005), colscaradh Justin Theroux (2015–2018), colscaradh |
---|
Páirtí | Charlie Schlatter Daniel McDonald (1990–1995) Tate Donovan (1995–1998) Adam Duritz (1995–1995) Brad Pitt (1998–2000) Vince Vaughn (2005–2006) John Mayer (2008–2009) Justin Theroux (2012–2015) |
---|
Athair | John Aniston agus Nancy Dow |
---|
Gradam a fuarthas |
|
|
|
Is ban-aisteoir Meiriceánach í Jennifer Joanne Aniston (a rugadh ar an 11 Feabhra 1969 i Sherman Oaks, Los Angeles, California). Tá cáil bainte amach aici mar an gcarachtar Rachel Green ar an gclár teilifíse Friends. Phós sí an t-aisteoir Brad Pitt ar an 29 Iúil 2000, agus scar siad óna gcéile ar an 7 Eanáir 2005. Chuir Aniston isteach ar cholscaradh go hoifigiúil ar an 25 Márta 2005. Luaigh sí difríochtaí doréitithe.
Saol agus Saothar
Tús a saoil
Is cosúil gur theastaigh ó athair Jennifer go mbeadh sí ina haisteoir cosúil leis féin, mar sin d’iarr sé ar Telly Savalas ("Kojak") a bheith ina athair baistí aici agus d’athraigh sé an sloinne a bhí ag an gclann ó Anastassakis go Aniston. Tar éis don chlann bliain amháin a chaitheamh ina gcónaí sa Ghréig, bhog siad ar ais go Nua-Eabhrac, áit a bhfuair athair Jennifer, John Aniston, páirt sa chlár Love of Life agus, níos déanaí, Search for Tomorrow. I 1985, bhog an chlann go Los Angeles nuair a fuair John Aniston páirt in Days of Our Lives.
Slí bheatha
D’fhreastail Jennifer ar an New York High School of Performing Arts sa bhliain 1987 agus bhí sí mar bhall den chlub drámaíochta ansin. D’fhás an dúil a bhí aici bheith ina haisteoir nuair a d’oibrigh sí sna léiriúchán For Dear Life agus Dancing on Checker's Grave. I 1989 bhog Jennifer go Hollywood agus fuair sí a céad pháirt teilifíse sa chlár teilifíse Molloy.
Sa bhliain 1994, d’iarr léiritheoirí cláir nua, Friends, ar Aniston triail a dhéanamh i gcomhair ról mar Monica Geller ach chuir sí ina luí orthu go mbeadh an carachtar Rachel Green i bhfad níb oiriúnaí di. D’oibrigh sí ar an gclár céanna sin go dtí gur tháinig deireadh leis sa bhliain 2004.
Tá Aniston tar éis bheith i go leor scannán de chuid Hollywood freisin, ina measc Picture Perfect, The Object of My Affection, Office Space, Rock Star, The Good Girl, Bruce Almighty agus Along Came Polly.
Gradaim
- 1995: Gradam Screen Actors Guild: Leiriú thar barr i sraithchlár grinn (Friends)
- 2002: Gradam Emmy: An t-aisteoir is fearr i sraithchlár grinn (Friends)
- 2003: Gradam Golden Globe: An t-aisteoir is fearr i sraithchlár grinn (Friends)
Scannánliosta
Gradaim agus ainmniúcháin
Tá 41 gradam buaite ag Aniston.
Tagairtí