James McNeill Whistler

Infotaula de personaJames McNeill Whistler

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) James Whistler Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) James Abbot McNeill Whistler Cuir in eagar ar Wikidata
10 Iúil 1834
Lowell, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Bás17 Iúil 1903
69 bliana d'aois
Chelsea, England Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaChiswick Burial Ground (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAcadamh Impiriúil na nEalaíon Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht agus dearcealaíona
Suíomh oibre Londain
Amstardam
Dordrecht
An Háig
Vlissingen
An Veinéis
Páras
Trouville-sur-Mer
An Bheilg
Valparaíso
Zaanstad Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, scríbhneoir, liteagrafaí, maisitheoir, eitseálaí, déantóir priontaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraPortráidiú, portráid, architectural painting (en) Aistrigh, péintéireacht staire, ealaín tírdhreacha, nocht agus Péintéireacht radharc mara
GluaiseachtAeistéiteachas agus siombalachas
Mac/iníon léinn de chuidMarc-Charles-Gabriel Gleyre
Mac/iníon léinnMay Wilson Preston
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileBeatrice Whistler Cuir in eagar ar Wikidata
AthairGeorge Washington Whistler  agus Anna McNeill Whistler
SiblínWilliam McNeill Whistler
Duine muintearthaRose Fuller Whistler () Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Musicbrainz: bd9c4784-aba3-4476-bd49-588d3c73df0c Goodreads author: 180049 Find a Grave: 1404 Project Gutenberg: 26645 Cuir in eagar ar Wikidata

Péintéir agus eitseálaí Meiriceánach ab ea James Abbott McNeill Whistler (10 Iúil 1834 – 17 Iúil 1903). Rugadh i Lowell, Massachusetts, é ach chaith sé an chuid ba mhó dá shaol mar dhuine fásta i Sasana. Ní raibh áit ina chuid saothar ealaíne don mhaoithneachas ná le tagairtí morálta. Chleacht sé "ealaín ar son ealaíne", agus b'fhearr leis stíl dhíreach neamhornáideach. Tá sé sin le feiceáil ina shíniú, a bhí stílithe i bhfoirm fhéileacáin a raibh ga righin fada air in áit an eireabaill. Tá clú ar mhórshaothar leis, Arrangement in Gray and Black no. 1 (1871) nó, mar is fearr aithne air, Máthair Whistler. D'éag sé i Londain Shasana agus é 69 bliana d'aois.

A óige

Rugadh James Whistler i Lowell, Massachusetts, agus tógadh é i Lowell, Stonington, Connecticut, Springfeld, Massachusetts, agus ansin Cathair Pheadair, sa Rúis. Innealtóir iarnróid ab ea a athair. Fostaíodh an t-athair ar feadh tamaill chun iarnród a thógáil sa Rúis. Blianta ina dhiaidh sin, agus James fásta, thug sé an leabhar gurb i gCathair Pheadair a saolaíodh é. Dúirt sé go raibh cead aige áit a bhreithe a roghnú agus nárbh é Lowell a rogha.[1] D'fhreastail sé ar Acadamh Míleata na Stát Aontaithe ag West Point, Nua-Eabhrac.

Arrangement in Gray and Black no. 1
Symphony in White no 1 ("An Cailín Bán"), 1862

Tagairtí

  1. Lisa N. Peters, James McNeill Whistler, Smithmark, Nua-Eabhrac, 1996, lch. 4, ISBN 0-7651-9961-0