Iriseoir polaitiúil Briotanach is ea James Forsyth (a rugadh i 1981) agus tá sé ina eagarthóir ar an iris The Spectator. Is colúnaí seachtainiúil é freisin do The Times [1] ar an Aoine, ag scríobh do The Sun on Saturdays agus roimhe sin don Mail on Sunday .[2]
Luathshaol
D’fhreastail Forsyth ar Choláiste Winchester agus ar Choláiste Íosa, Cambridge .[3]
Gairmréím iriseoireachta
Chuaigh Forsyth leis an iris Foreign Policy, mar eagarthóir cúnta [4] sular sheol sé Coffee House,[5] blag polaitiúil The Spectator, in 2007.[6] Ceapadh é ina leas-eagarthóir, ar líne, ar The Spectator in 2008 [7] agus ina eagarthóir polaitíochta in 2009.[8]
Is ball é den bhord comhairleach den mheitheal mhachnaimh ResPublica i Westminster é.[9]
Gairmréim pholaitiúil
An 24 Nollaig 2022, tuairiscíodh go raibh Forsyth fostaithe ag an bPríomh-Aire Rishi Sunak mar rúnaí polaitiúil aige.
Saol pearsanta
Tá Forsyth pósta leis an iriseoir Allegra Stratton ó 2011 i leith. Ceapadh í ina Preas-Rúnaí Shráid Downing faoin bPríomh-Aire Boris Johnson i mí na Samhna 2020.
Tá siad ina gcónaí i Canonbury in Islington lena mbeirt pháistí.[10][11] Is dlúthchairde é leis an bPríomh-Aire agus ceannaire an Pháirtí Coimeádach Rishi Sunak ; ba chomhaoisigh iad i gColáiste Winchester agus is cairde as Críost iad ag clann a chéile. Ba é Sunak an finné fir freisin ag bainis Forsyth le Stratton in 2011.
Tagairtí
Naisc sheachtracha