Léirigh Mosley sa bhliain 1913 an coibhneas docht idir díraonadhx-ghathachspeictream na ndúl agus a n-áit cheart sa Tábla Peiriadach. Thángthas ar an gconclúid go bhfuil baint ag an uimhir adamhach le lucht leictreach an núicléis, is é sin, lucht na bprótón. Is é an lucht a thugann na hairíonna ceimeacha don dúil, seachas an mais adamhach.
Roimh fhionnachtain Moseley, measadh go raibh uimhreacha adamhacha (nó uimhir eiliminteach) de dhúil mar uimhir sheicheamhach leath-treallach, bunaithe ar sheicheamh na maiseanna adamhacha, ach mionathraíodh go pointe áirithe iad nuair a mheas ceimiceoirí go raibh an mionathrú seo inmhianaithe, mar a rinne Dmítrí Meindeiléiv.
Ina fhionnachtain, Tábla Peiriadach na nDúl, mhalartaigh Meindeiléiv oird cúpla péire dúile; bhí sé in ann iad a chur in áiteanna níos oiriúnaí sa tábla. Mar shampla, sannadh na huimhreacha adamhacha 27 agus 28 do na miotail cóbalt agus nicil, faoi seach, bunaithe ar a n-airíonna ceimiceacha agus fisiceacha, cé go raibh na maiseanna adamhacha beagnach mar an gcéanna acu.
Déanta na fírinne, tá mais adamhach cóbailt beagán níos mó ná mais nicile, rud a chuirfeadh ord droim ar ais dá gcuirfí sa Tábla Peiriadach go liopasta iad de réir na maise adamhaí.
Léirigh turgnaimh Moseley i speictreascópachtX-gha go díreach óna bhfisic go bhfuil na huimhreacha adamhacha difriúla ag cóbalt agus nicil, 27 agus 28, agus go gcuirtear iad sa Tábla Peiriadach i gceart le tomhais oibiachtúla.
Dá réir sin, léirigh fionnachtain Moseley nach uimhreacha treallacha iad uimhreacha adamhacha na ndúl bunaithe ar cheimic agus intuigtheacht ceimiceoirí, ach ina ionad sin, tá bunús daingean turgnamhach acu ó fhisic a speictrim X-gha.[2]