Ba pholaiteoir Meiriceánach é Harry Mason Reid (2 Nollaig 1939 - 29 Nollaig 2021). Ba bhall é de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh i Seanad na Stát Aontaithe ar son stát Nevada agus é in oifig ón bhliain 1987 go dtí deireadh an 114ú Comhdháil i mí Eanáir na bliana 2017. Seanadóir sinsearach an stáit a bhí ann. Ceannaire an Mhóraimh sa Seanad a bhí in Reid ón bhliain 2007 go 2013, agus Ceannaire an Mhionlaigh ó 2013 go 2017. Bhí sé ina bhall de Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe roimhe sin, ar son an chéad cheantar Chomhdhála i Nevada. Roimhe sin siar arís bhí meascán de phoist ag Reid a bhain le rialú áitiúil nó stáit i Nevada, mar atá, aturnae na cathrach in Henderson, Nevada; ionadaí i dteach an stáit; leasghobharnóir; agus cathaoirleach ar Choimisiún um Chearrbhachais Nevada.
Rugadh Harry Reid in Searchlight, Nevada. Ba é Reid an tríú mac as ceathrar ag Inez Orena Jaynes, bean níocháin, agus Harry Vincent Reid, mianadóir. Bhí saol garbh simplí acu, nó ní raibh leithreas, uisce te, ná guthán sa teach. Le bheith ábalta freastal ar an meánscoil, bhí ar Reid dul chun lóistín ag cuid dá mhuintir i Henderson, 40 míle slí ó Searchlight. D’imir sé peil Mheiriceánach ansin agus bhí sé ina dhornálaí amaitéarach chomh maith. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Southern Utah University agus Utah State University. Bhain sé céim as an dara scoil seo agus thug sé a aghaidh ar Washington, D.C.. D’fhreastail sé ar an scoil dlí ag Ollscoil George Washington ansin agus eisean ag obair do Phóilíní Chaipeatól na Stát Aontaithe (United States Capitol Police) ag an am céanna. I ndiaidh dochtúireacht sa dlí a fháil ón scoil sin, d’fhill sé go Nevada.
D’fhreastail Reid i dTeach na nIonadaithe in Washington, D.C. ar feadh dhá théarma, ó 1983-87. Toghadh é mar sheanadóir sa bhliain 1986 agus thosaigh an chéad téarma úd an bhliain ina dhiaidh sin. Bhí comórtas géar aige sa toghchán sa bhliain 2010 ach d’éirigh leis an bua a fháil ar an iarrthóir Poblachtach, Sharron Angle.
Naisc Sheachtracha