Fisiceoir a rugadh i Strasbourg ab ea Hans Albrecht Bethe (2 Iúil1906 – 6 Márta2005). Sa bhliain 1939 shaothraigh sé an chéad teoiric chuimsitheach ar ghiniúint fhuinneamh na réaltaí trí imoibrithe leanúnacha núicléacha, nó núcléisintéis. Bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1967 as.
Rinne Bethe a chuid staidéar sa Ghearmáin agus b'ann a d'oibrigh sé ar dtús. Sa bhliain 1930, bhronn Dearlaic Rockefeller scoláireacht taistil air agus chuir sé faoi i CambridgeSasana. Chaith sé tamall ag obair le hEnrico Fermi i Róimh na hIodáile agus ní ba dhéanaí thug sé cuairt ar Institiúid Niels Bohr sa Danmhairg freisin. D'fhág sé an Ghearmáin go deo sa bhliain 1933. I ndiaidh seal in Ollscoil Manchester, i Sasana, thug sé aghaidh ar na Stáit Aontaithe sa bhliain 1935. D'oibrigh Bethe ar an Tionscadal Manhattan le linn an Dara Cogadh Domhanda. In Ollscoil Cornell, in Ithaca, Nua-Eabhrac a rinne sé an chuid ba mhó dá shaothair i Meiriceá. In Ithaca a fuair sé bás ar an séú lá de mhí an Mhárta sa bhliain 2005.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.