Is oileán le Stáit Aontaithe Mheiriceá é Guam, suite sna hOileáin Mháirianacha in iarthuaisceart an Aigéin Chiúin. Is é Hagåtña an phríomhchathair agus is é Dededo an chathair is mó daonra ann. Sa bhliain 2016, bhí 162,742 duine ina gcónaí ar Guam. Tá 540 km2 d'achar ann.