Is gníomhaí timpeallachta Sualannach í Greta Thunberg, a rugadh ar an 3 Eanáir2004 i Stócólm na Sualainne. Bhunaigh sí gluaiseacht idirnáisiúnta ar son na timpeallachta agus gan í ach 15 d’aois. Ó aois óg, chuir drochstaid na haeráide as go mór di agus thosaigh sí ag agóidíocht taobh amuigh de Pharlaimint na Sualainne.[1]
Ní raibh Greta Thunberg ach sé bliana déag d’aois, sa bhliain 2018, ach bhí daltaí scoile ar fud an domhain spreagtha chun agóide aici, daltaí na hÉireann ina measc.
Ó shin i leith, tá sí ina gníomhaí ar son na timpeallachta agus tá cáil bainte amach aici.
Uaireanta fanann Thunberg ina tost má cheapann sí nach fiú labhairt.
Bhí Greta Thunberg ina haonar nuair a chuaigh sí i mbun agóide an chéad uair sa bhliain 2018. Shuigh sí síos taobh amuigh de pharlaimint na Sualainne agus póstaer a rinne sí féin lena hais ar a raibh scríofa aici skolstrejk för klimatet nó "stailcscoile don aeráid".
Ní raibh sí ina haonar ar feadh i bhfad. Laistigh de chúpla mí, bhí daltaí meánscoile ar fud na Sualainne agus ar fud na hEorpa ag dul ar stailc ó ranganna go rialta agus ag reáchtáil mórchruinnithe agóide chun aird a tharraingt ar an dainséar comhshaoil atá ag bagairt ar chách, agus orthusan go háirithe.
Ar 11 Nollaig 2019, d’fhógair an iris Time gurb í Greta Thunberg ‘Pearsa na Bliana’ 2019 na hirise.[3]
Bhí Béarla ar a thoil aici agus in aois 16 bliain di.[4][5]
Siondróm Asperger
Bhí Thunberg aon bhliain déag nuair a léirigh trialacha go raibh Siondróm Asperger agus neamhord éigníoch dúghafach[6] uirthi.
Is é an tionchar a bhíonn ag siondróm Asperger uirthi, mar a mhíníonn sí ina leabhar (2019), go mbreathnaíonn sí ar gach ceist mar cheist atá dubh nó bán. Deir sí nach dtuigeann sí an fáth nach n-athraíonn an ghlúin reatha a nósanna maireachtála agus truaillithe, cé nach séanann a bhformhór comhairle na saineolaithe. Más gá ár n-aschur carbóin a laghdú gan mhoill agus a stopadh, ba chóir é a dhéanamh. Níl ciall le séanadh na fírinne.[2]
Leabhar
Tá a cás mínithe go beacht aici ina leabhar, No one is too small to make a difference, a foilsíodh a bhliain 2019.[7] Is éard atá sa leabhar cnuasach óráidí agus aistí ina n-iarrtar ar pholaiteoirí aird a thabhairt ar an nglúin óg agus ar fhianaise na saineolaithe (agus níl ann ach 64 leathanach).
Tugann sí trí rabhadh láidir do pholaiteoirí an domhain:
Tá géarchéim thubaisteach aeráide ag bagairt ar an bpláinéad.
Tá an t-aos óg ag brath ar dhaoine fásta chun gníomhú sula mbeidh sé ródhéanach.
Impíonn Greta Thunberg ar pholaiteoirí beartais atá riachtanach, dar le formhór mór na saineolaithe, a chur i bhfeidhm Caithfear astaíocht charbóin a laghdú go leanúnach agus gan mhoill – ní amach anseo, mar atá beartaithe ag an rialtas, ach in imeacht deich mbliana.
Cáineann Thunberg polaiteoirí go géar mar gheall ar a síormhoilleadóireacht, a síor-éalú ón bhfírinne, agus rud ar a dtugann sí ‘síorghadaíocht ón todhchaí’, rud atá ar bun ag polaiteoirí agus daoine fásta i gcoitinne.
Tá ceist chrua agus ábhar machnaimh do gach duine fásta sa leabhar: céard is fiú don aos óg staidéar a dhéanamh ar mhaithe lena dtodhchaí mura bhfuil daoine fásta ag gníomhú dáiríre lena dtarrtháil?
Agóidí
Tá an t-uafás agóidíochta déanta aici agus óráidí spreagúla tugtha aici faoi thodhchaí ár bpláinéid agus an fhreagracht atá ar an bpobal i leith na hoibre sin.[9]
Sa bhliain 2019, cuireadh fáilte mhór roimpi anseo sa Bhruiséil nuair a rinne sí cur i láthair os comhair an Choiste Timpeallachta.[10][11]
Thunberg agus Éire
Chuaigh páistí timpeall na hÉireann ag dul ar stailc ar an 15 Márta2019, agus 60 scoil in Éirinn ar stailc.[12] Bhí na páistí ag iarraidh béim a chur ar athrú aeráide. Chuaigh 400 páiste chuig an Dáil an Chéadaoin chom maith. Bhí póstaeir acu agus theastaigh uathu a rá go bhfuil an timpeallacht tábhachtach.
Tionól Aeráide na hÓige, 2019. Bhí 157 duine óg páirteach i gceardlanna agus i ndíospóireacht speisialta a reáchtáladh i seomra Dháil Éireann ar an 15 Samhain 2019. Bhí an Ceann ComhairleSeán Ó Fearghaíl sa chathaoir. Dúirt sé agus an Tionól á fhógairt aige go raibh sé á reáchtáil d’fhonn deis a tabhairt do dhaoine óga tuairimí a nochtadh faoin ngéarchéim aeráide agus beartais a mholadh chun cur ina coinne in Éirinn.
Conspóidí
Bíonn fothoradh contúirteach uaireanta ag baint leis an stádas réalta a bhronn na meáin ar Greta Thunberg.[13] Déantar dearmad ar ghníomhaithe aeráide eile uaireanta. Mar shampla, in 2019, ghearr an Associated Press an gníomhaí aeráide óg as Uganda, Vanessa Nakate,[14] amach as grianghraf,[15]