Ba theangeolaí agus ba fhocleolaí Meiriceánach é George Kingsley Zipf (1902-1950), a rinne anailís staitistiúil ar mhinicíocht na bhfocal i dteangacha éagsúla. Bhí Zipf ina Chathaoirleach ar an Roinn Ghearmáinise agus ina Léachtóir Ollscoile (rud a chiallaíonn go raibh cead aige a rogha ábhair a mhúineadh) in Ollscoil Harvard. Rinne sé staidéar ar an tSínis agus d'oibrigh sé leis an déimeagrafaic. Is féidir le cuid mhaith dá chuid iarrachtaí a úsáid le hairíonna an Idirlíon, dáileadh ioncaim laistigh de náisiúin, agus go leor bailiúcháin sonraí eile a mhíniú.