Is polaiteoir Sileach de chuid na heite clé é Gabriel Boric Font (Punta Arenas, an tSile ; 11 Feabhra, 1986). Tá sé ag feidhmiú faoi láthair mar ionadaí na Poblachta a dhéanann ionadaíocht ar Región de Magallanes y de la Antártica Chilena. Is é uachtarán tofa na Sile é, post a nglacfaidh sé leis an 11 Márta 2022.
Gairmréim
Mar mhac léinn den Facultad de Derecho de la Universidad de Chile (Gaeilge: Dámh Dlí Ollscoil na Sile), bhí sé ina uachtarán den Federación de Estudiantes (Gaeilge:Cónaidhm na Mac Léinn) le linn na tréimhse 2011-2012 agus ceann de phríomhcheannairí agus ceann de phríomhcheannairí ghluaiseacht na mac léinn sa bhliain 2011[1]
Uachtaránacht
Ar 19 Nollaig 2021, fuair Boric an bua i dtoghchán uachtaránachta na Sile. Sa toghchán réitigh, fuair sé an ceann is fearr ar José Antonio Kast, fear a raibh a athair ina Naitsí sa Ghearmáin sna daichidí agus a bhfuil naisc láidre aige le daoine atá i bhfad amach ar an eite dheis. Gheall Boric go n-aontódh sé an tSile, go rachadh sé i ngleic le bochtanas agus go gcuirfeadh sé deireadh leis an nualiobrálachas sa tír.[2]