I Miotaseolaíocht na nGael, Ard-Rí seanscéalach na hÉireann ab ea Geide Ollghuthach (Sean-Ghaeilge Géde Ollgothach) mac Ollom Fódla. Sa Chóir Anmann, deirtear gurb ionann Geideagus Éireamhón.[1]
Tháinig sé i gcoróin i gcomharbacht ar a dhéartháir, Slánoll. Deirtear i Leabhar Gabhála na hÉireann go raibh guthanna chomh binn le siotar ag a ghéillsinigh go léir, agus dá bharr a bhua-ainm. Bhí sé i réim ar feadh a hocht, a dó dhéag, nó a seacht mbliana déag sular mharaigh Fíachu mac Fíadchú (seachas seo anaithnid) é, de réir LGÉ; nó, a nia agus chomharba Fíachu Findoilches mac Fínnachta de réir ACM agus FFÉ.
Achar ama
Tagairtí