Is ainm coitianta a thugtar ar éin uisce áirithe san fhine Anatidae é gé,[1]. Is éin mhóra iad a fheidhmíonn níos mó ar talamh ná na healaí is na lachain, agus a chuimsíonn an chuid eile den fhine.[2] Ní grúpa tacsanomaíochta iad na géanna.
Coinnítear an ghé mar éan clóis ach tá géanna fiáine ann freisin.
Tá dhá ghéineas d'fhíorghnéanna ann: Anser (na géanna liatha agus bána) agus Branta (na géanna dubha), cé nach dtugtar "gé" ar gach uile speiceas sna géinis seo; mar shampla, is é “cadhan” an gnáthainm ar Branta bernicla agus is é “néné” an t-ainm ar Branta sandvicensis. Tá na fíorghnéanna gaolta leis na healaí, a bhíonn níos mó ná iad, agus na lachain, a bhíonn níos lú.
Úsáidtear an téarma “gé” ar roinnt speiceas eile, an chuid is mó acu ón Leathsféar Theas — baill den fhofhine Tadorninae (na seil-lachain).
Tá an lacha agus an ghé cosúil lena chéile freisin. Tá goba ag an dá cheann acu a ligeann dóibh bia difriúil a ithe. Cabhraíonn gob na lachan léi nuair a bhíonn sí ag lorg bia san uisce agus ligeann gob na gé di féar a phiocadh suas. Tá cosa scamallacha ag an lacha agus ag an ngé agus cabhraíonn siad leo bheith ag snámh.[3]