Féile cheoil ab ea Féile Woodstock (Woodstock de ghnáth, nó The Woodstock Festival) a bhí ar siúl amuigh faoin tuath ar fheirm Max Yasgur sa bhaile beag Bethel, Nua-Eabhrac, ar feadh deireadh seachtaine amháin, 15 Lúnasa go dtí go moch ar maidin ar an 18 Lúnasa sa bhliain 1969.[1] Sheinn dhá ghrúpa déag agus fiche ag an bhféile, os cionn lucht féachana de 400-500,000 duine.
Idir cheol, dhrugaí, shíocháin agus ghrá ba léiriú ceart í Féile Woodstock ar Réabhlóid Chultúrtha na seascaidí. Cé go bhfuil na blianta caite, tá rian na réabhlóide sin fós le brath agus le cloisteáil maidir le ceol, ealaín, damhsa agus saol na linne seo.[2]
Tábhacht
Ócáid an-mhór a bhí ann i gcultúr na hipithe, gluaiseacht a bhí ag sroicheadh a bhuaic ag deireadh na seascaidí.
Meastar go bhfuil an fhéile ar cheann de na hócáidí ab fhearr riamh i gceol nua-aimseartha. Thuill Woodstock áit sa 50 Moments That Changed the History of Rock and Roll, foilsithe ag an iris Rolling Stone.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.