Tomhasann friotachas (Béarla: resistivity) cé chomh láidir a fhrithsheasann ábhar i gcoinne srutha leictrigh.
Léiríonn friotachas íseal go ligeann ábhar gluaiseacht an luchtaleictrigh go héasca. Tugtar go minic an litir Gréagach ρ (ró) ar fhriotachas ábhar
an tseoltóra. Is é aonad SI an fhriotachais leictrigh ná an t-óm-méadar (Ω ⋅ m) cé go bhfuil aonaid eile ar nós t-óm-ceintiméadar⋅(Ω ⋅ cm) in úsáid freisin. Mar shampla, má bhaineann friotaíocht R le seoltóir dar fad agus darb achar trasghearrtha
A, tugtar an tairiseach ρ leis an bhfoirmle:
Má tá ciúb soladach d'ábhar 1 m × 1 m × 1 m ann, agus an fhriotaíocht 1 Ω idir na teagmhálacha leictreacha idir dhá thaobh urchomhaireach an chiúb, ansin, beidh friotachas an ábhair 1 Ω ⋅ m.
Friotaíocht méadair chiúbaithe d'ábhar, airí tairiseach ag teocht ar leith. Úsáidtear an tsiombail ρ, le haonad Ω.m (méadar óim), dó. Ag 0 °C, luach ρ = 1.55 × 10-8 Ω.m ag copar (seoltóir maith leictreach), 0.5 Ω.m ag gearmáiniam (leathsheoltóir), agus 1011 Ω.m ag gloine (inslitheoir nó drochsheoltóir). Tugtar an tseoltacht ar 1/ρ.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.