Frederick Stanley Kipping

Infotaula de personaFrederick Stanley Kipping
Beathaisnéis
Breith16 Lúnasa 1863
Manchain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás1 Bealtaine 1949
85 bliana d'aois
Cricieth, Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Londan
Scoil Ghramadaí Mhanchain Cuir in eagar ar Wikidata
Comhairleoir dochtúireachtaWilliam Henry Perkin
Gníomhaíocht
Gairmceimiceoir, múinteoir ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Nottingham Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
An Cumann Ríoga (1897–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Mac léinn dochtúireachtaBrian Duncan Shaw
Gradam a fuarthas

Ceimicí a saolaíodh i Manchain Shasana ab ea Frederick Stanley Kipping (16 Lúnasa 18631 Bealtaine 1949). Rinne sé obair bhunúsach ar shileacón, agus luaitear é mar athair cheimic na sileacón, bíodh is gur fhorbair daoine eile cuid mhaith d'fheidhmeanna sileacóin. Chuidigh a chuid oibre go mór le forbairt dhomhanda thionscal an rubair agus bealaí bunaithe ar shileacóin.[1] In éineacht le Perkin, scríobh sé téacsleabhar ceimice orgánach caighdeánach (Organic Chemistry, Perkin agus Kipping, 1899). I ndiaidh dul ar scor dó, chuir sé faoi in Cricieth, sa Bhreatain Bheag, agus is ann a fuair sé bás.[2]

Féach freisin

Tagairtí

  1. Asimov, Asimov's Biographical Encyclopedia of Science and Technology 2nd Revised edition
  2. Hussey, Matt (2011). "Frederick Stanley Kipping". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 386.

Naisc sheachtracha