Bithcheimicí a saolaíodh i Rendcomb Shasana ab ea Frederick Sanger (13 Lúnasa1918 – 19 Samhain2013). Rinne sé amach ord na n-aimínaigéad (51 díobh) ar an bpróitéininslin, an chéad uair a rinneadh a leithéid do phróitéin ar bith. Bhuaigh sé Duais Nobel na Ceimice as i 1958. Rinne sé taighde ceannródaíoch ar struchtúr móilíneach na n-aigéad núicléasach, DNA is RNA, agus bhuaigh sé Duais Nobel arís i 1980 as, an chéad duine a bhuaigh an Duais Nobel chéanna faoi dhó.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.