File agus úrscéalaí Éireannach ab ea Frances Browne (16 Eanáir 1816 – 21 Lúnasa 1879) is fearr a chuimhnítear uirthi as a cnuasach gearrscéalta do pháistí, Granny's Wonderful Chair.
Luathshaol
Rugadh Frances i Srath an Urláir, i gContae Dhún na nGall, Éire, an seachtú leanbh i dteaghlach dáréag clainne. Bhí sí dall de dheasca ionsaí den bholgach nuair a bhí sí 18 mí d'aois. Ina cuid scríbhinní, cuireann sí síos ar conas a d'fhoghlaim sí de ghlanmheabhair na ceachtanna a dúirt a deartháireacha agus deirfiúracha os ard gach tráthnóna, agus conas mar a spreag sí iad chun léamh di, trína gcuid oibre a dhéanamh. D'oibrigh sí go dian ansin ag cur de ghlanmheabhair gach rud a bhí cloiste aici.
Chum sí a céad dán, leagan de The Lord's Prayer, nuair a bhí sí seacht mbliana d’aois. [1]
Na chéad fhoilseacháin
Sa bhliain 1841, foilsíodh céad dánta Browne san Irish Penny Journal agus san London Athenaeum. Ceann a bhí san Irish Penny Journal ná an liric Songs of Our Land, atá le fáil i ndíolamaí de véarsaí tírghrá na hÉireann. [2] D'fhoilsigh sí imleabhar iomlán de dhánta in 1844 agus an dara himleabhar in 1847. Rinne na nuachtáin chúigeacha, go háirithe an Northern Whig a bhí lonnaithe i mBéal Feirste, athchló ar go leor acu, agus tugadh The Blind Poetess of Ulsteruirthi go forleathan
Sa bhliain 1845, rinne sí a céad ábhar leis an iris choitianta Chambers's Edinburgh Journal, ar scríobh sí di as seo go ceann 25 bliain. Ba é an chéad scéal dá cuid a foilsíodh ann, i mí an Mhárta 1845, ná The Lost New Year's Gift, a insíonn faoi ghúnadóir bocht i Londain agus a léiríonn a cumas scéalaíochta. [1]
Chuir sí gearrscéalta freisin le hirisí a raibh mná den chuid is mó ina léitheoirí iontu, mar shampla, roinnt sna 1850idí le an Ladies' Companion, iris a léigh go leor ban rachmasach den ré Victeoiriach. I measc na scéalta a chuir sí ann bhí Mrs Sloper's Swan' agus scéal scáfar suite i gContae Fhear Manach, ar a dtugtar The Botheration of Ballymore.
Sa bhliain 1847, d'fhág sí Dún na nGall do Dhún Éideann agus duine dá deirfiúracha mar léitheoir agus mar amanuensis aici. Bhunaigh sí í féin go tapa i gciorcail liteartha, agus scríobh sí aistí, léirmheasanna, scéalta, agus dánta, in ainneoin fadhbanna sláinte. Sa bhliain 1852, bhog sí go Londain, áit ar scríobh sí a céad úrscéal, My Share of the World (1861). Foilsíodh a saothar is mó cáil, Granny's Wonderful Chair, sa bhliain 1856, tá sí i gcló go dtí an lá atá inniu ann, agus tá sí aistrithe go roinnt teangacha. Bailiúchán saibhir samhlaíoch de shíscéalta atá ann. Ba sa bhliain 1856 freisin a chonacthas a tríú himleabhar filíochta – Pictures and Songs of Home. Bhí sé seo dírithe ar pháistí an-óg agus tá léaráidí áille ann. Díríonn na dánta ar thaithí a hóige i gContae Dhún na nGall agus tugann siad cur síos dúisitheach ar an tuath. [1]
Londain agus saol níos déanaí
Tar éis di bogadh go Londain, scríobh Browne go minic do thréimhseacháin an Religious Tract Society, The Leisure Hour agus The Sunday at Home. Ceann acu siúd in The Leisure Hour ab ea 1776: a tale of the American War of Independence, a bhí le feiceáil ar chomóradh céad bliain na hócáide sin sa bhliain 1876. Chomh maith le cur síos a dhéanamh ar chuid de na himeachtaí réabhlóideacha, is scéal grá é agus é maisithe go hálainn. Ba é an píosa scríbhneoireachta deireanach a rinne sí ná dán darbh ainm The Children's Day, a bhí le feiceáil in The Sunday at Home in 1879.
Fuair Frances Browne bás ar 21 Lúnasa 1879 ag 19 Garrán Naomh Eoin, Richmond Upon Thames. Cuireadh i Reilig Richmond í ar 25 Lúnasa 1879.
Tuilleadh léitheoireachta
Is í an bheathaisnéis is mionsonraithe ná The Life and Works of Frances Browne le Patrick Bonar, féinfhoilsithe c. 2008. [3]
Tá anailís ar chuid dá gearrscéalta sa Donegal Annual 2008' : Frances Browne and the Legends of Ulster le Raymond Blair. Chuir Blair díolaim dá cuid dánta, gearrscéalta agus aistí in eagar freisin: The Best of Frances Browne(Lim an Mhadaidh: Rathmore Books, c. 2012).
Pléann Paul Marchbanks le gairm Browne in Irish Women Writers: An A-to-Z Guide, curtha in eagar ag Alexander G. Gonzalez (Cathair na Mart, Conn.: Greenwood; Oxford: Harcourt Education, 2006).
Scrúdaíonn Thomas McLean an dán is faide uaidh, The Star of Attéghéi, agus an gaol atá aige leis an gcogadh sa Chircassia i monagraf 2012, The Other East and Nineteenth-Century British Literature . [4]
Tá iontráil ghairid ar Browne sa Dictionary of Irish Biography, a foilsíodh faoi choimirce Acadamh Ríoga na hÉireann. [5]
Naisc sheachtracha
Tagairtí