Is club peile Iodálach é Football Club Internazionale Milano, ar a dtugtar Internazionale nó Inter de ghnáth. Imríonn dhá chlub ó chathair Mhilano i Serie A: Inter agus Milan. 44 ball de Mhilan a bhunaigh Inter sa bhliain 1908 toisc nár ghlacadar le forlámhas na n-Iodálach i Milan. Is é Inter an t-aon chlub amháin a d'imir i ngach séasúr Serie A. Tá sé ar an dara club is rathúla sa tsraith: tá ocht gcraobh déag buaite aige. Bhuaigh Internazionale Corn na hEorpa sna blianta 1964, 1965 agus 2010.