Eyvind Johnson

Infotaula de personaEyvind Johnson

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(sv) Eyvind Olov Verner Johnson Cuir in eagar ar Wikidata
29 Iúil 1900
Boden, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás25 Lúnasa 1976
76 bliana d'aois
Stócólm, An tSualainn Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaSkogskyrkogården, Garden of Rememberance 59° 16′ 41″ N, 18° 05′ 50″ E / 59.27817°N,18.09716°E / 59.27817; 18.09716 Cuir in eagar ar Wikidata
8 Suíochán 11 d’Acadamh na Sualainne
20 Nollaig 1957 – 25 Lúnasa 1976
← Nils AhnlundUlf Linde → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreÚrscéal
Gairmaistritheoir, file, stiúrthóir scannán, scríbhneoir, úrscéalaí, iriseoir, scríbhneoir scripte scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1924 –
Ball de
SeánraProletarian literature (en) Aistrigh
TeangachaAn tSualainnis
Teaghlach
CéileCilla Johnson
Aase Christoffersen Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMaria Ekman
 ( Cilla Johnson)
Tore Johnson
 ( Aase Christoffersen) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0425083 TMDB.org: 58303
Discogs: 2296996 Find a Grave: 13941058 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir agus aistritheoir Sualannach ab ea Eyvind Johnson (1900 - 1976), nó Olof Edvin Verner Jonsson mar atá a ainm scríofa ar a theastas breithe. Rugadh é ar an 29 Iúil 1900 i Svartbjörnsbyn, gar do Bhoden sa tSualainn. Fuair sé bás ar an 25 Lúnasa 1976 i Stócólm sa tír chéanna.

Bronnadh Duais Nobel sa Litríocht air sa bhliain 1974, chomh maith leis an scríbhneoir Harry Martinson. Ábhar conspóide ab ea go bhfuair na fir sin an duais, toisc go raibh siad ina mbaill d'Acadamh na Sualainne, an t-acadamh céanna a bhronnann an gradam, agus Vladimir Nabokov, Saul Bellow, Graham Greene agus Jorge Luis Borges ina n-iarrthóirí don duais an bhliain sin.

Scríbhneoir prólatáireach ab ea Johnson. Bhí sé ina cheannródaí don nua-aoiseachas ina chuid scríbhinní. Tháinig an chéad saothar óna pheann i gcló sa bhliain 1924, agus rinne sé a bhriseadh mór leis an tsraith úrscéalta dírbheathaisnéiseacha úd Romanen om Olof ("An tÚrscéal faoi Olof") sna tríochaidí: Nu var det 1914 ("An bliain 1914 a bhí ann anois", 1934), Här har du ditt liv ("Seo duit do bheatha féin", 1935), Se dig inte om ("Ná caith súil i do thimpeall", 1936) agus Slutspel i ungdomen ("Cluiche deiridh na hóige", 1937).