Bhain Macron dochtúireacht amach i réimse na fealsúnachta[1][2] sa bhliain 2002. Bhain sé céim amach ansin ó École nationale d'administration sa bhliain 2004.
Sa bhliain 2008, chuaigh Macron ag obair le banc Rothschild, áit ar tugadh post sinsearach bainistíochta dó in 2010.
Polaitíocht
Sa bhliain 2012, ghlac Macron le post comhairleoireachta san eacnamaíocht i rialtas na Fraince, ar chuireadh ón Uachtarán Hollande.
I mí Aibreáin sa bhliain 2016, nuair a bhí sé fós ina aire i rialtasMhanuel Valls, bhunaigh Macron a pháirtí polaitíochta féin: "En marche !" (Gaeilge: 'Ar aghaidh!')[3], feachtas polaitíochta dar sprioc athnuachan a dhéanamh ar an gcóras. D'éirigh Macron as a phost i mí Lúnasa 2016. Trí mhí ina dhiaidh sin, d'fhógair sé go mbeadh sé ina iarrthóir i dToghchán uachtaránachta na Fraince den mbliain 2017.
Toghchán 2017
Is beag a síleadh gur maith a chruthódh Macron i dtoghchán na huachtaránachta[4]. Ní raibh dintiúirí an pholaiteora aige, agus bhí sé gan páirtí aitheanta[5].
Tharla dhá ní áfach a réitigh an bealach dó:
Scoilteadh an Páirtí Sóisialach, agus theip orthu feachtas ar fónamh a riar.
Foilsíodh eolas faoin airgead mór a chuir François Fillon, Iar-Phríomhaire, agus iarrthóir na heite deise sa toghchán, i bpóca a mhná céile Penelope Fillon.
Ar an 23 Aibreáin2017, an lá na chéad céime an toghcháin uachtaránacha, bhain sé 24% na nguthanna, é seo á chur i gcéad áit agus amhlaidh á chur isteach sa dara chéim.[6]
Is sa díospóireacht teilifíse idir Macron agus Marine Le Pen ar an 3 Bealtaine ba shoiléire an difríocht idir an bheirt iarrthóirí. Labhair Macron go stuama, sothuigthe, socair. Cuid den phort a bhí ag Macron ná dlús a chur leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta, an euro a neartú[7], agus fáilte thar teorainn isteach a chur roimh aicmí éagsúla daoine.
Ar an 7 Bealtaine, an lá na dara céime, bhain Macron 66% na nguthanna, é á chur ina Uachtarán na Fraince. Is é a bhí chun cinn ins gach uile départment sa tír seachas péire sa tuaisceart, Pas-de-Calais agus Aisne[8] (101 département atá sa tír ar fad). Sa deireadh thiar, bhí sé i bhfad chun cinn ar Marine Le Pen, iarrthóir Le Front National. Beagán le cois ar 20 milliún vóta a fuair Macron. Taobh le 10 milliún a bhí a chéile comhraic.[9]
Ar 10 Aibreán 2022, vótáil 28% i bhfabhar Macron sa chéad bhabhta agus 23% i bhfabhar Le Pen.[11] Thug thart ar leath na vótálaithe tacaíocht mar sin d’iarrthóirí eile.[12]
Ar 24 Aibreán 2022, bhí Macron atofa mar uachtarán ar an bhFrainc, an chéad uachtarán reatha ar éirigh leis 2 thoghchán a bhuachan i ndiaidh a chéile ó 2002,[13][14]
Chloígh Macron a chéille comhraic,Marine Le Pen sa dara babhta vótála d'uachtaránacht na tíre; 59% de sciar an vóta a fuair Macron. Díol imní dó gur thit a thacaíocht ón toghchán deiridh ansin i 2017; bhí tacaíocht Le Pen agus an páirtí atá i bhfad ar dheis, méadaithe (34% sa bhliain 2017, 41̤̤̤% in 2022).[15][16]
Ba é an teachtaireacht a bhí ag Macron roimh an vótáil ná go gcaithfí stop a chur le fás pholaitíocht na heite fíordheise agus stádas na Fraince go hidirnáisiúnta a chosaint.. D’éirigh níos fearr le Macron ná mar bhí á thuar sna pobalbhreitheanna.[17]
Dúirt Macron go n-aontódh sé an tír agus go mbeadh sé ansin mar cheannaire don chosmhuintir uilig.[13]
Polasaithe
Toghadh Macron go dtí Pálás an Élysée bunaithe ar a gheallúint nach polaiteoir den eite dheis ná don eite chlé a bhí ann, ná go deimhin polaiteoir den seandéanamh ar chor ar bith.[18]
Teastaíonn ó Macron go mbeadh an tAontas Eorpach níos aontaithe agus níos láidre.[19]
Tá an tUachtarán Macron á chur féin chun cinn ó toghadh é mar cheannródaí ó thaobh athrú aeráide.[18]
Ghlac daoine leis na leasuithe ar dhlíthe saothair i dtús a thréimhse mar Uachtarán, rud nár éirigh le hiliomad Uachtarán roimhe a chur i bhfeidhm.[18]
Tá Macron glan in aghaidh Putin. Sa bhliain 2022,d’iarr Macron go gcuirfeadh tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm mar go raibh sé soiléir go ndearnadh “coireanna cogaidh” an Úcráin agus Putin freagrach as.[20]
↑Bhí an ráta vótála íseal go leor i dtoghchán an lae inné. De réir na staitisticí, níor vótáil ach 75% de na vótóirí cláraithe, le hais 80% in 2012 agus 84% in 2007 (Peig.ieCurtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017).
↑Níor atoghadh uachtarán sa Fhrainc ó 2002, nuair a d’áitigh Jacques Chirac ar vótálaithe a raibh an ghráin acu air vótáil ar a shon d’fhonn iarrthóir an Front National, Jean-Marie Le Pen a shárú.