Is mainistir stairiúil í El Escorial, Mainistir Ríoga de San Lorenzo El Real (Spáinnis: Monasterio de El Escorial nó El Escorial). Cuimsíonn sé dhá choimpléasc ailtireachta, an mhainistir ríoga féin, agus La Granjilla de La Fresneda, teach fiaigh agus dídean manachúil thart ar 5km ar shiúl.
Dhear Philip II agus a ailtire, Juan Bautista de Toledo, El Escorial bunaithe ar Real Sitio, Real Casa de Campo, Tierra de Realengo agus Tierra de Abadengo. An phríomhaidhm a bhí ag Philip II ná “áit chónaithe a thógáil i gcomhair choróin Chaitliceach na Spáinne”, agus dá bharr sin, bhí an t-ab i gceannas ar an áit. Sa 16ú haois, bhí na manaigh Iarómacha mar úinéirí ar El Escorial. Faoi láthair, is mainistir Agaistíneach é.
Tá sé cinn is fiche de ríthe (agus banríon amháin, Éilís II), de ríshliocht na Hapsburgach agus na Búrbónach, ó Rí Séarlas I (Séarlas V, Impire Naofa Rómhánach) go dtí an lá atá inniu (seachas Philip V agus Ferdinand VI), curtha i bPaintéón na Ríthe.
Bíonn an-tóir ag turasóirí ar an áit, is féidir le turasóirí teacht chun chuairte don lá ó Mhaidrid – tagann níos mó ná 500,000 cuairteoir gach bliain.
Íomhánna
-
El Escorial
-
Gairdíní
-
Aghaidh
-
Mainistir San Lorenzo
-
Leabharlann
Tagairtí
| Is síol faoi thíreolaíocht na Spáinne é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |