Is é Eircom Teoranta nó Eircom Limited[1] úinéir eircom Holdings (Ireland), an oibreoir theileachumarsáide is mó in Éirinn.[2] Cuireadh an branda 'eir' ar fáil sa bhliain 2015.[3]
Scannail
Sa bhliain 2023, bhí pionós €2.5 milliún gearrtha ag an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide ar Eircom Teoranta faoi rótháillí a ghearradh ar chustaiméirí an chomhlachta.Ina cheann sin, bhí sé geallta ag eir go n-aisíocfar airgead leis na custaiméirí atá thíos leis.[4]
Bhí thart ar 76,000 duine i gceist. Is custaiméirí iad seo a raibh fadhb ag baint leis an bpacáiste seirbhísí a bhí curtha ar fáil ag eir dóibh, chomh maith le custaiméirí a d'iarr deireadh a chur lena seirbhís ach ar gearradh táillí orthu i gcónaí ina ainneoin sin. Bhí sé geallta ag eir chomh maith go bhféachfar le córas billeála an chomhlachta a fheabhsú le dúil nach dtarlóidh a leithéid arís.
Is síol faoin ghnó é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.