Fisiceoir a rugadh i mBradfordShasana ab ea Sir Edward Victor Appleton (6 Meán Fómhair1892 – 21 Aibreán1965). Rinne sé taighde ar cháithníní luchtaithe (iain) san atmaisféar, agus i 1925 d'aimsigh ciseal díobh san atmaisféar uachtarach ina raibh na hiain tiubh. 200-400 km in airde atá ciseal seo Appleton, a dtugtar an F-chiseal air freisin. Trí thionóisc, frithchaitheann an ciseal luchtaithe seo gearrthonnta raidió ar ais go dtí dromchlaan Domhain i bhfad óna bhfoinse. Leis seo is féidir teileachumarsáid thar fhaid an-mhóra idir stáisiúin trí ghearrthonnta raidió a dhéanamh. Bhuaigh sé Duais Nobel sa bhfisic i 1947 as a shaothar ar fhisic an atmaisféir uachtaraigh.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.