Is éard atá i gceist le hearraí grúpa[1] nó grúpearraí[2] ná cláir ríomhaire a shaothraítear chun cabhrú le grúpa ar leith daoine comhoibriú, san ionad céanna nó ionaid éagsúla. Cás ar leith is ea comhdháil ríomhaireachta. Ag baint úsáide as teicníochtaí cosúil le réaltacht fhíorúil, is féidir comhdhálacha a eagrú le grúpaí in ionaid dhifriúla, ach an chuma air go bhfuil na rannpháirtithe sa seomra céanna.[3]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.