Bhí Brown in éineacht lena chara, Dorian Johnson, a bhí 22 bliain d’aois. Dúirt Wilson go raibh sé ina shuí ina fheithicil agus Brown taobh amuigh, agus gur labhair siad lena chéile, agus ansin gur ionsaigh Brown é chun a ghunna a bhaint de.
Lámhachadh Brown dhá uair nuair a bhí Wilson fós ina scuadcharr agus lámhachadh Brown sé huaire nuair a bhí Wilson amuigh.