Tharla dóiteán Ghleann na Muc ag láithreán stad i gCarraig Mhaighin i ndeisceart Bhaile Átha Cliath ar 10 Deireadh Fómhair2015. Maraíodh cúigear daoine fásta agus cúigear páistí. B'shin iad Thomas Connors (28 bliain), a bhean chéile Sylvia Connors (30) agus a dtriúr leanaí Jim (5), Christy (3) agus Mary a bhí cúig mhí d'aois; Willie Lynch (25) ar deartháir le Sylvia Connors é, a pháirtí Tara Gilbert (27) a bhí ceithre mhí ar leanbh, agus a n-iníonacha Jodie (9) agus Kelsey (4); agus Jimmy Lynch (39) deartháir eile le Sylvia Connors.[1][2] Friochtán sceallóg ba chúis leis an dóiteán.
Láithreán éigeandála sealadach a bhí ann a cuireadh ar fáil do theaghlaigh a bhí ag cur fúthu ar thaobh an bhóthair, an lucht siúil. Níor bhain rialacháin sábháilteachta dóiteáin le láithreáin shealadacha den sórt seo, a dúirt an chomhairle áitiúil ag an am.
Agóid
Fágadh neart daoine gan dídean tar éis an dóiteáin. Níor theastaigh ach dídean sa cheantar inar bhásaigh an deichniúr a chur ar fáil gan mhoill don dream beag (15 duine) a tháinig slán.[3]
Cúpla lá níos déanaí, bhí tearmann sealadach ar phíosa talún i gCéide Bhaile na Carraige (Rockville Drive) ar Bhóthar Ghleann na Muc geallta do lucht an láithreáin staid. Ach ní raibh muintir an eastáit sásta ar bith.[4] Sheas bunadh na háite an fód agus níor ligeadh isteach oibrithe na Comhairle chun láithreán sealadach a thógáil ar an stráice talún don lucht siúil.[5]
Iarmhairt
Sa bhliain 2018, thóg teaghlach amháin cás dlí.[6]
Rialaigh coiste cróinéara sa bhliain 2019 gur de bharr míthapa a bhásaigh na daoine in 2015.
Mhol an giúiré go dtabharfaí isteach treoirlínte nua maidir le sábháilteacht dóiteáin ag láithreáin stad an lucht siúil.
Cuireadh €50m ar fáil le haghaidh tithíocht don lucht siúil ach nár úsáid na húdaráis áitiúla an t-airgead, a dúirt an Stiúrthóir Ghluaiseacht an Lucht Siúil sa bhliain 2015.[7]
Tá contúirt ann i gcónaí go bhféadfadh rud éicint mar seo tarlú arís mar gheall go bhfuil plódú ar roinnt mhaith de na láithreacha.[8][9]
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.