Tugtar teorainn K-T ar an idirlinn idir an tréimhse Chailceach is an tréimhse Threasach, timpeall 65 milliún bliain ó shin nuair a díothaíodh na dineasáir agus mórán gach neach beo eile ar Domhan. Seasann an T do ‘Treasach’ is an K do ‘Cailceach’ (Kreidezeit i nGearmáinis). Is ródhócha gur imbhualadh le hastaróideach ollmhór i Muir Chairib, seachas brúchtaí bolcán nó athruithe malla san aeráid, a chuir tús le hathruithe cinniúnacha aeráide ba chúis leis na díobhaí seo.[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol na staire é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.