Iar-imreoir agus traenálaí sacair Éireannach is ea Dáibhí Antóin Ó Laoghaire nó i mBéarla, David Anthony O’Leary (rugadh i Londain, Sasana ar 2 Bealtaine, 1958). Tugadh go hÉirinn é nuair a bhí sé an-óg, agus tógadh é i mBaile Átha Cliath.
D’imir Ó Laoghaire ar feadh 19 bliain le Arsenal F.C., agus ansin le Leeds United F.C. D’éirigh sé as i 1996, agus fuair sé post bainistíochta nuair a d'fhág George Graham an club. Bhí Dáibhí ina bhainisteoir le hAston Villa F.C., i bPremier League Shasana. Tá sé ina bhainisteoir ar Al-Ahli Dubai faoi láthair.
Tagairtí