Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Troglodytes troglodytes; má tá suim agat in éin eile a dtugtar “dreoilín” orthu, féach Dreoilín (fine).
Éan beag ceoil atá sa dá leathsféar den domhan, ach clanna éagsúla sa dá cheann, is ea an dreoilín.
Tréithe
An-fhlúirseach i Meiriceá teochreasach. A chlúmh donn nó scothdhearg in uachtar, agus bán, liath nó donnbhuí in íochtar. Patrún gleoite rialta ar a sciatháin is an dá thaobh dá bholg. Gob fada air, is a eireaball in airde. Itheann sé feithidí is damháin alla. Déanann an fireannach an-chuid ceoil, tríleach ard thar cheol aon éin eile. Déanann sé nead i gcruth sféar agus poll sa taobh mar bhealach isteach is amach, as caonach is féar, le cleití mar líneáil. Tógann sé dhá ál sa bhliain.
In Éirinn
Is é an dara éan is lú in Éirinn, ach “rí na n-éan”.[1]
In Éirinn, tugtar Lá an Dreoilín ar an 26 Nollaig, nó Lá Fhéile Stiofáin, is é sin fiach an dreoilín. Tá sé de nós ag lucht an dreoilín - agus / nó ná cleamairí - dul amach ag fiach chun an dreoilín bocht a mharú Lá Fhéile Stiofáin.[2]