An dealbhóir is fearr de dhealbhóirí luatha na Tuscáine, a rugadh i bhFlórans, ab ea Donatello (Donato di Betto Bardi, c 1386- 13 Nollaig1466), agus an chéad duine riamh ón aois chlasaiceach a tháirg dealbha a bhí neamhspleách iomlán iontu féin.
Tháinig mórathrú ar an dealbhóireacht i bhFlórans i dtús an 15ú haois. Tharla sé sin i bhfad sular tharla aon athrú den chineál céanna i gcás na péintéireachta nó san ailtireacht agus bhí tionchar láidir ag Donatello ar na forbairtí móra a tháinig chun cinn níos déanaí.[1]
‘Tá an saol chomh lomlán de shaothair Donatello gur féidir a rá nach raibh aon ealaíontóir eile chomh táirgiúil céanna leis.'
Deir Vasari freisin go raibh na buanna uile aige a mbeifí ag súil leo i nginias - nuálaíocht, cumas deartha agus cumas breithiúnais.
D'oibrigh Donatello do Chosimo de Medici, agus bhí sé mar chara ag Brunelleschi. Rinne sé a lán staidéar ar na seandealbha Rómhánacha agus ar anatamaíocht an duine chun go mbeadh cuma na beatha air. Ghearr sé suas coirp mharbha chun staidéar a dhéanamh ar na matáin agus na féitheoga.
Bhí saol fada ag Donatello. Bhí aois mhór aige (in aois 79 nó 80 dó?) nuair a fuair sé bás ar an 13 Nollaig1466.
Modh oibre
Cúlra
Bhí clú agus cáil ar na Gréagaigh agus ar na Rómhánaigh de bharr a gcuid dealbh. De ghnáth bhí siad nocht. I rith na Meánaoiseanna, stop daoine ag déanamh na ndealbh seo. Bhí éadaigh orthu i gcónaí agus cuireadh sna séipéil iad. I rith an Renaissance, thosaigh siad ag déanamh aithrise ar stíl na nGréagach arís.[2]
Bunaitheoir na dealbhóireachta nua-aoisí
Luaitear Donatello mar bhunaitheoir na dealbhóireachta nua-aoisí.[3] Ní foláir nó gur chuir cur chuige Donatello iontas ar a chomhaimsirigh. Go dtí sin ní raibh aon taithí acu ach ar radhairc chaoine néata, ar nós Dícheannadh Eoin Baiste le Andrea Pisano ar dhoras theas na baistealainne, radharc atá geall le bheith cineálta i gcomparáid le ceann Donatello.
D’imir forbairt na peirspeictíochta sa dealbhóireacht, go háirithe i saothar Donatello Féasta Héaróid, tionchar mór ar ealaíontóirí eile. Tá an tionchar le feiceáil go soiléir i mBaistealann Fhlórans.
Bhí dealbhóireacht rilífe Donatello bunaithe ar rialacha na peirspeictíochta. Baineadh úsáid as an gcur chuige sin den chéad uair ar phainéal rílife faoi bhun dealbh de Naomh Seoirse i bhFlórans. Rilievo schiacciato a tugadh air (téarma a chiallaíonn rilíf leacaithe). Ba é an chéad uair a úsáideadh an pheirspeictíocht líneach aonphointe sa dealbhóireacht, stíl a bhí cruthaithe ag a chara, Brunelleschi.
Féasta Héaróid, umar an bhaiste
Ba í an chéad rilíf i gcré-umha a chruthaigh Donatello ná radharc ó shaol Eoin Baiste ar cheann de shé phainéal mórthimpeall ar bhun umar an bhaiste i mbaistealann i Siena.[3][4]
Léiríonn Féasta Héaróid le Donatello féasta an rí tar éis dó iarraidh ar Shalomé álainn rince a dhéanamh dó. Toileann sí an damhsa a dhéanamh ach cloigeann Eoin Baiste a fháil di ar mhias. Léiríonn an radharc an dianmhothú agus an t-uafás ar aghaidhHéaróid nuair a bronnadh an cloigeann air. Leanann Salomé (atá gléasta in éadach clasaiceach) uirthi ag rince léi agus míníonn a máthair an scéal do Héaród.
Dealbhóireacht saorsheasaimh ː Dáibhí
D’éirigh le Donatello sa rud a chuir sé roimhe, ní maisiúchánailtireachta amháin a bhí sa dealbhóireacht níos mó. Go áirithe, ba é an chéad ealaíontóir ó bhí an tseanaimsir ann a raibh de dhánacht dealbh thríthoiseach lánmhéide a dhéanamh agus é lomnocht, "Dáibhí".[5][1] Tá an dealbh chré-umha de Dháibhí (1440idí) ar cheann de na dealbha is tábhachtaí de chuid ré an Luath-Renaissance.
Cé is moite dá hata agus dá loirgneáin, tá sé lomnocht. Tugann a dhéanamh caoin an litir ‘S’ chun cuimhne agus meabhraíonn sé dealbha na Sean-Ghréige dúinn dá bharr. Ach sin tús agus deireadh na cosúlachta.
Ní haon diaGréagach é an déagóir seo ná níl sé cosúil ar shlí ar bith le lomnochtáin chumhachtacha na seanaimsire. Eisceacht is ea leagan Donatello de laoch óg an tSean-Tiomna ina bhfaigheann an óige an lámh in uachtar ar an tseanaois. Rud íonghlan do-éillithe is ea an óige chéanna.
Tá an léiriú a dhéantar ar an ógánach piteánta, mothaíoch agus caoin, ach is duine ceart é, mar sin féin. Tá dromchla na deilbhe an-nádúrtha, é an-snasta agus loinnirdhúghorm ar an gcolainn chun míneadas chneas an ógánaigh a léiriú. Tá contrárthacht láidir idir an dromchla mín sin agus gairbhe na gruaige agus an hata.
Sheas an dealbh chré-umha i gclós chúirt Phálás na Medici ar feadh na mblianta. Tá cos an ógánaigh ina luí go neafaiseach ar chloigeann scoite Ghóla - samhail de shíor-chomhrac theaghlach Medici chun cathairstát beag Fhlórans a chosaint ar a naimhde cumhachtacha.
Máire Mhaigdiléana
As saothair dhéanacha Donatello is cinnte gurb í fíor thragóideach Mháire Mhaigdiléana (1453–1455).[6][1] As adhmadpéinteáilte atá an dealbh sin déanta. Tá súilegorma brónacha ag stánadh amach as na logaill tholla, na beola ar oscailt beagán agus a cuid fiacla bána briste le feiceáil. Níl scioltar feola ar na leicne agus gobann na cnámha amach astu. Tá stríocaí buí ina cuid gruaige aici agus an ghruaig féin in aimhréidh agus táite le chéile.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.