Tá na dlíthe gluaiseachta ar na trí dlíthe a chum Ridire Isaac Newton le linn dó bheith ag cur le chéile a Principia Mathematica. Is iad seo a leanas na trí dlíthe a chum sé:
An chéad dlí
Dlí na Táimhe (Inertia). Fanfaidh gach corp ar fos nó ag gluaiseacht faoi threoluas tairiseach mura
ngníomhaíonn fórsa seachtrach neamhchothrom air.
An dara dlí
Nuair a gníomhaíonn fórsa neamhchothrom ar chorp bíonn ráta athraithe
móimintim an choirp i gcomhréir dhíreach leis an bhfórsa agus gníomhaíonn sé in aon treo leis an bhfórsa.
An triú dlí
Má chuireann corp A fórsa i bhfeidhm ar chorp B, ansin cuireann corp B fórsa
urchomhaireach atá ar cóimhéid leis i bhfeidhm ar chorp A, i.e. bíonn an gníomhú agus an frithghníomhú ar cóimhéid
agus urchomhaireach lena chéile.