Déantar dlíthe idirnáisiúnta a aontú idir náisiúin trí chonarthaí coinbhinsiún agus mar sin de. Cosnaíonn an dlí idirnáisiúnta cearta daonna ar fud an domhain. Cosnaíonn sé daoine ó choireanna móra cosúil le cinedhíothú agus céasadh a bheadh ceadaithe ag an rialtas.[1]
Stair
In 1966 rinneadh dhá chúnant nó coinbhinsiún chun dlíthe a dhéanamh den Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus iad curtha le chéile, is dlí idirnáisiúnta na cúnaint seo a thugann ar na rialtais bheith freagrach sa dóigh a gcaitheann siad le saoránaigh s’acu.[2]
Cur i bhfeidhm
Cuirtear an dlí idirnáisiúnta i bhfeidhm trí chúirteanna náisiúnta agus na Náisiún Aontaithe agus tríd an gCúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.[3] Tá na Náisiúin Aontaithe agus na rialtais náisiúnta freagrach as tabhairt ar thíortha a shínigh na cúnaint na cearta seo a chosaint.
Prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta
An dlí idirnáisiúnta agus Éire
De réir Airteagal 29.3 den Bhunreacht, "Glacann Éire le bunrialacha gnáth-admhaithe an dlí idirnáisiúnta le bheith ina dtreoir d’Éirinn ina caidreamh le Stáit eile".[4] Mar sin tá an Stát ceannasach go seachtrach i dtaobh a sheasaimh i gcúrsaí dlí idirnáisiúnta.[5]
Is síol faoin dlí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.