Iománaí as Cluain i gContae Chorcaí is ea Dónal Óg Ó Cíosóg (Béarla: Dónal Óg Cusack). Imríonn sé mar chúl báire dá chlub áitiúil agus le foireann a chontae.
Taobh amuigh den pháirc imeartha, bhí a ainm i mbéal an phobail sa bhliain 2008 mar bhall gníomhach den dream siúd a bhí ag iarraidh fáil réidh le bainisteoir Gerald McCarthy. Lean an t-achrann ar feadh míosa, go dtí gur éirigh McCarthy as dá bharr.
Fear aerach atá ann, rud a thug sé le fios i mí Dheireadh Fómhair 2009 i ndírbheathaisnéis s'aige, Come What May, agus labhair sé faoin ábhar le Ryan Tubridy ar chlár an Late Late Show na seachtaine chéanna.
Tagairtí
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |