Ghearr an Ard-Chúirt príosún orthu ar an 29 Meitheamh2005. D'fhan siad i ngéibheann go dtí an 30 Meán Fómhair. Rinneadh léirsithe ar fud na hÉireann ag tacú leo. Ainmníodh Peter Cassells mar idirghabhálaí sa chonspóid. Gás na Coiribe a thugtar ar thoradh an tobair seo.
Bhí daoine ann ag an am ag labhairt faoin gcáin íseal a ghearrtar ar leithéidí Shell de réir Achtanna 1987 agus 1992 agus iad i mbun taiscéalaíochta amach ó chósta na hÉireann ar thóir ola agus gáis.
Sa bhliain 2015, bronnadh ceadúnas ar Shell chun gás a thabhairt i dtír (ach le raon coinníollacha maidir lena úsáid).[2] Beidh Gortna Coiribe ídithe i gceann cúpla bliain.[3]