Craobhchomórtais sacair is ea Corn FIFA an Domhain 2034, ar siúl san Araib Shádach sa bhliain 2034. Reáchtáladh an chéad Chorn Domhanda in 1930 in Uragua, agus bhí an bua ag an tír óstach. Ó shin i leith tá sé ar cheann de na himeachtaí spóirt is luachmhaire agus is mó faire ar domhan.
Tairiscint
Ar an 12 Nollaig 2024, thug Comhaontas Idirnáisiúnta Sacair (FIFA) Corn an Domhain 2034 don Araib Shádach, d’aon ghuth d’ainneoin imní faoi chearta an duine sa tír. Tá iniúchadh á dhéanamh ar an Araib Shádach le blianta ó thaobh chearta an duine agus an chomhshaoil. In ainneoin sin, chinn FIFA tairiscint na hAraibe Sádaí a chur chun tosaigh.[2]
D’fhógair FIFA i mí Dheireadh Fómhair 2023 "nach raibh aon tairiscint eile faighte acu" don chomórtas. I mí na Nollag 2024, glacadh leis an tairiscint d’aon gháir agus mar sin, ní raibh ghá é a chur ar vóta foirmeálta. Bualadh bos a thuill an fógra faoin tairiscint nuair a glacadh leis.
Conspóid
Bhí an cinneadh an comórtas a thabhairt don Araib Shádach cáinte go láidir ag eagraíochtaí cearta an duine. Is minic cáineadh á dhéanamh ar an réimeas san Araib Shádach faoin drochbhail agus an dúshaothrú a dhéantar ar oibrithe imirce, siocair bháis ag cuid díobh, an chos ar bolg ar mhná agus ar dhaoine LGBTQ+ agus an cheilt ar a gcearta agus an chaoi a ndéantar daoine sa tír a ghabháil gan chúis.
Ba é áitiú na hAraibe Sádaí go mbeadh an comórtas seo ina chuid ‘d’aistear mórathraithe” na tíre. Sa tairiscint a rinne an tír, dúradh gur chuir siad ‘cur chuige bunaithe ar chearta an duine” i bhfeidhm le linn an phróisis iarratais ar fad.[2]
Níor thug FIFA ach mí amháin anuraidh do thíortha le suim a léiriú in óstáil an chomórtais.[3] Ina theannta sin, d’athraíodar riail dá gcuid féin maidir le hinfreastruchtúr ionas go bhféadfadh tíortha nach raibh oiread sin staideanna feiliúnacha acu tairiscint a chur isteach ar an gcomórtas. Bhí cosaint déanta ag FIFA ar an deifir a cuireadh leis an bpróiseas. Ach mheas eagraíochtaí cearta an duine go raibh easpa trédhearcachta agus cuntasachta ag baint leis an gcinneadh.