Is comhcholáiste de chuid Ollscoil Cambridge i Sasana é Coláiste na Tríonóide. Bhunaigh an Rí Anraí VIII an coláiste i 1546. Le timpeall 600 fochéimí, 300 céimí, agus os cionn 180 comhalta, is é an coláiste is mó i gceachtar de na hollscoileanna Oxbridge de réir líon na bhfochéimithe. Maidir le líon iomlán na mac léinn, tá Coláiste Homerton, Cambridge amháin chun cinn air le níos mó daltaí.[1]