Thosaigh an cogadh mar chonspóid faoi chearta na gcoilíneach mar Shasanaigh, conspóid a bhain le cúrsaí tráchtála agus riaracháin. Is gearr gur tháinig tuiscint nua ag na coilínigh orthu féin mar Mheiriceánaigh, agus as sin amach bhí siad ag iarraidh deireadh a chur le riail na Breataine.
Bhris an cogadh amach sa bhliain 1775 nuair a chuaigh na réabhlóidithe faoi réim sna coilíneachtaí uile agus gur chuir siad an Dara Chomhdháil Ilchríochach agus an tArm Ilchríochach nua ar bun. An bhliain dár gcionn fógraíodh neamhspleáchas Stáit Aontaithe Mheiriceá, náisiún nua.
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.