Sráidbhaile agus baile fearainn in Iorras in iarthuaisceart Chontae Mhaigh Eo in iarthar na hÉireann is ea Cill Ghallagáin[1] (Kilgalligan as Béarla). Ceantar Gaeltachta atá ann. Tá beagnach 800 logainm sa pharóiste.[2][3]
Tá Trá na Rinne Rua agus na Fothantaí Dubha le fáil sa gceantar.
Stair
Tháinig an t-ainm ó Naomh Gallagáin. Bhí séipéal nó cillín aige sa nGort Dubh - an áit a bhfuil an teampall. Deir an seanchas gur cuireadh Gallagáin Naofa, naomh-phátrún an cheantair, faoin ardán cruinn sa gcúinne thiar thuaidh den
teampall.
Fuarthas leac ársa ar bharr an leachta agus cros greanta uirthi, agus bollán briste ina haice. Tá tobar Ghallagáin Naofa le feiceáil ann agus uisce fós ann.
↑John Henry (1983). "Scéalta Chois Cladaigh" (as ga-IE) Google Books. Comhairle Bhéaloideas Éireann, University College.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.