Séipéal meánaoiseach agus Séadchomhartha Náisiúnta i gContae Chill Chainnigh, Éire is ea Cill Bhaile Uí Lorcáin.[1][2]
Suíomh
Tá Cill Bhaile Uí Lorcáin suite taobh leis an mbóthar, 2.3 km (1.4 mhíle) siar ó dheas ó Achadh Úr.[3]
Stair
Bhí an réigiún faoi smacht na Ó Lorcáin go dtí gur dhíbir na Shorthalls (Schortal) Angla-Normannach iad sa bhliain 1326. James Schortal agus a bhean Catherine White a thóg an séipéal, struchtúr beag aon-seomra, ag Baile Uí Lorcáin sa bhliain 1350.[4]
Cuireadh triarach sedilia isteach sa bhalla theas níos déanaí sa 14ú haois. Bhí síle na gcíoch i gCill Bhaile an Lorcáin ar dtús ach bogadh go dtí Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht.[5][6][7]
Eaglais
Daingníodh an séipéal le chemin de ronde agus bealach isteach beag ó thuaidh. Tá fuinneog cloiche gearrtha Gotach air.[8][9]
Tá triarach sedilia sa bhalla theas. Ar bharr na mballaí thuaidh agus theas tá sraith de chlocha coirbéil agus eangach orthu. In aice leis an sedilia tá linn ionnalta le báisín ceathradhuille. Tá almóir in aice leis an bhfuinneog thoir.[10][11]
Gailearaí
Tagairtí