Is naomh é Ciarán Saighre (nó Ciarán Saighir, Ciarán mac Luaigne nó Ciarán seanóir,; Laidin: Kyaranus nó Ciaranus Maior). Bhí Ciarán Saighre mar Easpag Éireannach sa 6ú haois.[1]
Chuaigh Ciarán Saighre go dtí an Mhór-Roinn, áit ar baisteadh é agus inar oirníodh é ina shagart agus ina easpag. Tá sé ráite faoi gur chaith sé 30 bliain sa Róimh ag déanamh staidéar ar na scrioptúir.[3]
D’fhill sé ar Osraí, ceantar dúchais a athar, agus chaith sé seal ina dhíthreabhach ach bhailigh deisceabail timpeall air agus i gceann tamaill bhí mórchlú ar an mainistir sin a bhí i Saighir.
Inniu
Tagann oilithrigh fós i gcomhair na stáisiún ag Tobar Naomh Ciarán agus ag Sceach agus Cloch Naomh Ciarán ar fhéile Chiaráin (5ú Márta).