Rugadh Herzog i 2 Norman Villas[1] i mBéal Feirste (anois 185 Clifton Park Avenue[2]). Bhí a athair, Isaac Herzog, go láidir i bhfabhar an phoblachtachais Éireannaigh (bhí Gaeilge líofa aige is cosúil). Mar sin thugtaí "Raibí Shinn Féin" air ar feadh tamaill áirithe. Rinneadh Ard-Raibí Aisceanásaíoch[3] na Palaistíne dá athair (agus Ard-Raibí Iosrael ina dhiaidh sin go dtí go bhfuair sé bás sa bhliain 1959).
D'fhreastail Herzog ar Choláiste Alexandria (naíonra) ar dtús, agus ansin ar Choláiste Wesley (ar Fhaiche Stiabhna ag an am). Ghnóthaigh sé scoláireacht nuair a bhí sé ann. Chaith sé roinnt blianta ag dornalaíocht agus d'éirigh go maith leis,[6]
Scríobh Brendan Delap i 2020 go raibh onóir sa Ghaeilge faighte ag Herzog san Ardteist[7] (agus beagnach 17 mbliana d'aois i 1935, más fíor). Ar aon nós, bhí sé ar bharr an ranga.
Thosaigh Herzog ag déanamh staidéir i gColáiste na hOllscoile, Londain sa bhliain 1938[8]. Fuair sé céim sa dlí i 1941 agus rinneadh abhcóide d'Ósta Lincoln de i 1942, agus é ina oifigeach oiliúna san Arm ag an am céanna.
Ansin bhí Herzog i bhFórsaí Cosanta Iosrael (1948-62) ar éirigh sé as mar Mhaorghinearál. Bhí sé ina Cheannaire ar an mBrainse um Fhaisnéis Mhíleata ó 1948 go dtí 1950 agus ansin ó 1959 go dtí 1962). Bhí sé ina attaché míleata in Ambasáid Iosrael i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 1950 go dtí 1954.[10]
Ní ba dhéanaí, bhí Herzog ina Ghobharnóir Míleata ar feadh tamaillín le haghaidh na gcríoch a bhfuair Iosrael seilbh orthu tar éis Chogadh na Sé Lá.
Polaitíocht
Nuair a chuaigh Herzog ar ais chun an tsaoil shibhialta sa bhliain 1962, thosaigh sé ag dlíodóireacht agus thug sé faoi roinnt stiúrthóireachtaí.
Sa bhliain 1972, bhí Herzog ar an triúr a chuir an dlíghnólacht, "Herzog, Fox & Neeman", ar bun (atá i measc na ngnólachtaí dlí is mó le rá in Iosrael fós).[11]
Bhí Herzog ina Ambasadóir chun na Náisiún Aontaithe ó 1975 go dtí 1978.
Dhá bhliain tar éis dó a bheith tofa chun na Knesset ar liosta na Comhghuaillíochta (Páirtí an Lucht Oibre de chuid Iosrael), rinneadh Uachtarán Stát Iosrael. Chuir sé dhá thréimhse cúig bliana isteach san oifig sin.
Cuairt ar Éirinn, 1985
Sa bhliain 1985 thug Herzog cuairt stáit ar Éirinn, ag filleadh ar ais ar a alma mater agus ag oscailt Mhúsaem Giúdach na hÉireann i mBaile Átha Cliath chomh maith. Thug sé cuairt ar an tSnaidhm, Contae Chiarraí freisin, chun dealbh in ómós a chara Chearbhaill Uí Dhálaigh a nochtadh.[12]
Ag an am, rinneadh roinnt léirsithe in aghaidh a cuairte, maidir le polasaí eachtrach Iosrael, i dtaobh na Liobáine Theas go mór mór. Bhí trúpaí na hÉireann imlonnaithe ann ag an am, mar chuid d'Fhórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).
Tá mac leis, Íosác nó Isaac Herzog, a bhí ina chathaoirleach ar Pháirtí an Lucht Oibre de chuid Iosrael agus ina Cheannaire ar an bhFreasúra ó 2013-2018.[14] D'éirigh sé ina Uachtarán ar Stát Iosrael sa bhliain 2021, ag leanúint a athar.