Is cathair í Canton atá suite in Ohio, i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá Canton suite i gContae Stark; príomhbhaile an chontae atá inti. Tá an chathair ainmnithe as Guangzhou na Síne, arbh é "Canton" an t-ainm traidisiúnta uirthi i mBéarla.
Stair
Bunaíodh an chathair sa bhliain 1805. De bharr a suíomh ar roinnt bhóithre iarainn, tháinig fás ar thionslaíocht ann. Bhí 30,667 duine ina gcónaí in Canton faoin bhliain 1900 agus 116,912 sa bhliain 1950. Tháinig meath ar an tionsclaíocht chéanna ina dhiaidh sin. Bhí 73,007 duine ina gcónaí ann de réir Daonáirimh 2010, 72,683 de réir meastacháin oifigiúil sa bhliain 2012.[1] Chuir William McKinley, uachtaránMeiriceánach, faoi in Canton. Tá sé curtha ann agus tá Leabharlann Uachtaráin McKinley suite ann freisin.
Daoine cáiliúla
Boz Scaggs: (1944), ceoltóir agus scríbhneoir amhrán Meiriceánach.
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.