Is Túrtheach agus Séadchomhartha Náisiúnta é Caisleán Ghleann an Choim atá suite i gContae Luimnigh, Éire.[1][2][3]
Suíomh
Tá Caisleán Ghleann an Choim suite 2.4 km (1.5 mhíle) siar ó Chill Íde, ar an taobh thuaidh de bhóthar an R515.[4]
Stair
Tógadh an teach túir sa bhliain 1462 ag muintir Uí hAilgheanáin, ar shuíomh foirgnimh níos sine ag dul siar go dtí AD 983. Ghlac Clann Uí Bhriain é agus le linn Éirithe Amach Dheasmhumhan (1569) thit sé ar na Gearaltaigh go dtí gur choigistigh na Coróin a gcuid tailte i 1571. Leagadh Walter Raleigh cuid den chaisleán. Faoi 1587 bhí sé i lámha an Hungerford; i 1591 chuaigh go dtí Sir William Courtenay, agus i 1595 chuig Captaen Collum.[5]
D'athchóirigh William Courtenay, 10ú Iarla Devon é sa bhliain 1840.[6]
Ag Éirí Amach na Cásca 1916, tháinig 300 Óglaigh na hÉireann le chéile i gCaisleán Ghleann Choinn, ach ní dhearna siad aon ghníomh míleata.[7][8][9]
Athchóiríodh arís é sna 1980idí agus tá sé faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí.
Caisleán
Túrtheach cearnógach, le forbhalla, sé stór aolchloiche é an caisleán. Ar an urlár uachtarach tá poll lámhaigh a úsáid na boghdóirí. Tá dhá sheomra boghtach bairille ann freisin.[10]
I amhrán
Tá amhrán "O Castle of Glenquin" ag moladh an chaisleáin agus a stair.[11]
Tagairtí