Is fothrach caisleáin é Caisleán Léim an Eich atá suite i mbaile fearainn Léim an Eich Thuaidh, paróiste Chill Iníne Baoith, idir sráidbhailte Cora Finne agus Chill Fhionnúrach ag teorainn réigiúin An Bhoirinn i gContae an Chláir, Éire. Tá sé comhdhéanta de thúrtheach ón 15ú haois agus teach mór ón 17ú haois.
Suíomh
Tá an caisleán suite ag crosbhóthar tábhachtach áitiúil agus an áit ar bhuail barúntachtaí na Boirne, Corca Mrua agus Inse Uí Chuinn le chéile. Trasnaíonn bóthar an R476 ó Chill Fhionnúrach go sráidbhaile Chill Iníne Baoith agus an R480 ó thuaidh go Baile Uí Bheacháin ann inniu.[1]
Tagairtí