Tá Caisleán Bhaile Hac suite ar ghleann géarshleasach os cionn Inbhear Phort Láirge. Ceaptar gurb iad Spidiléirí Naomh Eoin, ceann den dá ord mhíleata a bunaíodh in aimsir na gCrosáidí, a thóg an túrtheach daingean seo thart ar an mbliain 1450.
Tá an túr cúig stór ar airde agus tá sé ina sheasamh suas chomh fada leis an tsiúlóid bhalla. Tá séipéal beag tógtha sa bhalla thoir thuaidh, ina bhfuil linn ionnalta, almóir agus altóir. Tá an bealach isteach sa bhalla thiar á chosaint ag poll teilgthe agus ag poll an uafáis – is é sin oscailt trína bhféadfadh na cosantóirí clocha nó uisce fiuchta, gainimh te nó ola ar fiuchadh a chaitheamh anuas ar dhuine ar bith a bheadh sách díchéillí chun an caisleán a ionsaí.[1]
Féach freisin
Tagairtí