Rugadh i Sráid Mhulgrave i gCathair Luimnigh í ar an 3ú Nollaig1897. Ba thógálaí é a hathair agus tá tigh an teaghlaigh, Áras Bóirmhe, fós ina sheasamh ós comhair Ospidéal Meabhar-Ghalar Sheosaimh. D’éag a máthair in aois a cúig bhliana di.
Cuireadh a céad dráma Distinguished Villa: A Play in Three Acts ar stáitse sa bhliain 1926. Foilsíodh a céad úrscéalWithout My Cloak cúig bliana ina dhiaidh.
Ba leis an úrscéal The Ante Room a bhain sí mór-chlú amach sa bhliain 1934. Bhain roinnt dá scríbhinní le téama an leisbeachais. Dá bharr sin, cuireadh cosc ar fhoilsiú a h-úrscéalta Mary Lavelle agus The Land of Spices in Éirinn. Mhair an cosc go dtí blianta na 1970í.
Níor phós sí riamh agus chaith sé an chuid is mó dá saol i Sasana. D'oibrigh sí le seirbhísí eolais na Breataine le linn An Dara Cogadh Domhanda.
Tá bailiúchán mór da scríbhinní le feiscint i Leabharlann Glucksman in Ollscoil Luimnigh. Ath-fhoilsíodh a húrscéal deireanach As Music and Splendour(1958) sa bhliain 2005. Tagann slua mór gach bliain chun freastal ar dheireadh Seacthaine Cháit Ní Bhriain in Ollscoil Luimnigh.
Scríbhinni
Distinguished Villa: A Play in Three Acts (1926)
Without My Cloak (1931)
The Ante-Room (1934)
Mary Lavelle (1936) (as ar dheineadh an scannán, Talk of Angels, 1998)
Farewell Spain (1937)
Pray for the Wanderer (1938)
The Land of Spices (1941)
The Last of Summer (1943)
That Lady (1946) (As ar dheineadh an seó Broadway i 1949 agus an scannán i 1955)